Comhairliúchán ar Dhréachtscéim Comhionannais an Choimisinéara Gaeilge 2026-2031, ar Dhréachtphlean Gníomhaíochta Comhionannais 2026-2031 agus ar Dhréachtphlean Gníomhaíochta Míchumais 2026-2031

Overview

Forléargas

Comhairliúchán

Cuireann Oifig an Choimisinéara Gaeilge fáilte roimh gach tuairim ar an Dréachtscéim Chomhionannais 2026-2031, ar an Dréachtphlean Gníomhaíochta Comhionannais 2026-2031 agus ar an Dréachtphlean Gníomhaíochta Míchumais 2026-2031.

Breithneoidh muid na freagraí a fhaightear sula gcuirtear na leaganacha deiridh faoi bhráid Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann lena mbreithniú. Ní mór freagraí a fháil tráth nach déanaí ná 29 Eanáir 2027.

An Scéim Chomhionannais agus Dualgais Chomhionannais

Éilíonn Alt 75 d'Acht Thuaisceart Éireann 1998 ar údaráis phoiblí, agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna, aird chuí a thabhairt ar an ghá atá le comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus aird a thabhairt ar inmhianaitheacht dea-chaidrimh a chur chun cinn ar fud réimse catagóirí mar atá leagtha amach thíos.

Alt 75(1): Agus feidhmeanna á gcomhlíonadh acu i ndáil le Tuaisceart Éireann, tá ceanglas ann aird chuí a thabhairt ar an ghá atá le comhionannas deiseanna a chur chun cinn idir:

  • Daoine a bhfuil creideamh reiligiúnach, tuairim pholaitiúil, cineghrúpa, aois, stádas pósta nó claonadh gnéis éagsúil acu;
  • Fir agus mná go ginearálta;
  • Daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil faoi mhíchumas; agus
  • Daoine a bhfuil cleithiúnaithe acu agus daoine nach bhfuil cleithiúnaithe acu.

Alt 75(2): Ina theannta sin, gan dochar do na dualgais thuas, agus feidhmeanna á gcomhlíonadh i ndáil le Tuaisceart Éireann, ceanglaítear ar an Choimisinéir aird a thabhairt ar inmhianaitheacht dea-chaidrimh a chur chun cinn idir daoine a bhfuil creideamh reiligiúnach, tuairim pholaitiúil nó cineghrúpa éagsúil acu.

Éilíonn Sceideal 9 d'Acht Thuaisceart Éireann 1998 ar gach údarás poiblí atá ainmnithe faoin Acht Scéim Chomhionannais a ullmhú ina leagtar amach an dóigh a bhfuil sé beartaithe acu na dualgais a fhorchuirtear le hAlt 75 den Acht a chomhlíonadh.

Plean Gníomhaíochta Comhionannais

Leagtar amach sa Dréachtphlean Gníomhaíochta Comhionannais 2026-2031 na gníomhartha atá beartaithe ag Oifig an Choimisinéara Gaeilge a dhéanamh chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus chun tacú le comhlíonadh a cuid dualgas faoi Alt 75.

Mar údarás poiblí nuabhunaithe, tá an Coimisinéir ag leanúint de thuiscint a fhorbairt ar shaincheisteanna comhionannais atá ábhartha dá fheidhmeanna. Cuireadh an dréachtphlean seo le chéile bunaithe ar an fhianaise atá ar fáil, ar rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus ar ról reachtúil na hOifige.

Cuideoidh freagraí a gheofar tríd an chomhairliúchán seo linn an Plean Gníomhaíochta Comhionannais deiridh a mhúnlú agus aon tosaíochtaí nó gníomhartha breise don tréimhse 2026-2031 a shainaithint.

Plean Gníomhaíochta Míchumais

Faoi Alt 49A den Acht um Idirdhealú ar Mhíchumas 1995 (DDA 1995), arna leasú le hAirteagal 5 den Ordú um Idirdhealú ar Mhíchumas (Tuaisceart Éireann) 2006, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí, agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna, aird chuí a thabhairt ar an ghá atá le:

  • Dearcthaí dearfacha i leith daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn; agus
  • Rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa saol poiblí a spreagadh.

Tugtar na "dualgais mhíchumais" orthu sin le chéile.

Faoi Alt 49B den DDA 1995, ceanglaítear ar an Choimisinéir Plean Gníomhaíochta Míchumais a chur faoi bhráid Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann, ina léirítear an dóigh a bhfuil sé beartaithe aici na dualgais sin a chomhlíonadh i ndáil lena feidhmeanna.

Fógra Príobháideachais

Má tá tú ag freagairt don chomhairliúchán seo, léigh ár bhFógra Príobháideachais le do thoil.

 

Closes 29 Jan 2027

Opened 6 Nov 2026

Audiences

  • Anyone from any background

Interests

  • Farming
  • ICT
  • Academies
  • Accessibility
  • Account NI
  • Agriculture
  • Analysis
  • Animal Welfare
  • Benefits
  • Budget
  • Bursaries
  • Business Support Division
  • Census
  • Children of Services Personnel
  • Civil Justice
  • Climate Change
  • Communications
  • Community
  • Community safety
  • Complaints Process
  • Consultation
  • Courts
  • Crime
  • Criminal justice
  • Customer Service Excellence
  • Cyber Security
  • DAERA Annual Accounts
  • Demography
  • Digital Transformation
  • Dignity
  • Disability
  • Disability
  • DVA Annual Accounts
  • Electricity Generation
  • Electricity Networks
  • Employment
  • Employment
  • Energy
  • Energy
  • Energy Markets
  • Energy Storage
  • Engagement
  • Environment
  • Environment
  • Equality
  • Equality Monitoring
  • Ethnicity
  • European Research and Innovation funding.
  • Eye Health
  • Facilities Management
  • Family Justice
  • Finance
  • Forensic Science
  • Further Education
  • Health
  • Health
  • Health and Safety Policy
  • Health and social care legislation
  • Health and social care policy
  • Higher Education
  • Historic Environment
  • Household Statistics
  • Housing and Accommodation
  • Identity
  • Improvement of health and social care services
  • Income
  • Inspection
  • Internal Audit
  • IT Assist Performance
  • IT Assist Services
  • Labour Market
  • Language
  • Learning and Culture
  • Migration
  • Mobile Phone Policy
  • NI
  • NI Summary Statistics
  • NICS HR
  • NIEA
  • Nurture
  • Part-time Student Finance
  • Part-time Study
  • Patient/service user advocacy
  • Pensions
  • Police
  • Policing
  • Policy Development
  • Pollution Control
  • Population Statistics
  • Post-Primary Education
  • Postgraduate Student Finance
  • Postgraduate Study
  • Pre-school Education
  • Primary Education
  • Prison Reform
  • Probation
  • PRONI
  • Properties Division
  • Provision of health and social care services
  • Public Appointments
  • Public Inquiries
  • Public Spending
  • Qualifications
  • Quality and safety
  • Quality Improvement
  • Records NI
  • Reform of Property Management Programme
  • Regulation of health and social care
  • Religion
  • Reporting
  • Research
  • Rural
  • Rural Development Programme
  • Scientific
  • Services and programmes
  • Sexual Identity
  • Special Educational Needs
  • Staff Engagement
  • Staff engagement
  • Staff Engagement
  • Stakeholder Engagement
  • Student Loans
  • Supporting People
  • Technical
  • Telecoms
  • Testing
  • Training and Support
  • Transport
  • Travel to Study
  • Travel to Work
  • Unemployed Claimants
  • Veterinary
  • Waste Regulation
  • Water Regulation
  • Wildlife
  • Youth Sector and Youth Services