Beartas Gaeilge na Roinne Geilleagair

Overview

Beartas Gaeilge na Roinne Geilleagair

Léargas Ginearálta

Is cuid ríthábhachtach luachmhar dár n-oidhreacht chultúrtha chomhroinnte í an Ghaeilge. Baineann sí le hachan duine inár sochaí, agus tá ról nach beag aici i múnlú ár bhféiniúlachta, i saibhriú ár bpobal, agus inár nascadh lenár stair. Is ar mhaithe linne féin uilig atá an fhorbairt, an chosaint, agus an cur chun cinn ann don Gaeilge, agus is cóir glacadh leis an Ghaeilge mar ábhar bróid agus aontachta dúinn.

Sa bheartas seo, leagtar amach fís atá soiléir forásach don Ghaeilge – fís lena bhféachfaidh muid fáil réitithe de na bacainní; dúshlán a thabhairt do na dearcthaí atá as dáta; agus deiseanna a chruthú d’aon duine ar mian leis an teanga a fhoghlaim, a úsáid agus a cheiliúradh. Tá an beartas bunaithe ar phrionsabail na hionchuimsitheachta, an mheasa, agus na hinbhuanaitheachta, agus béim aige ar an mhéadú i bhfoghlaim na Gaeilge, i ngnáthúsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil, agus i stádas na Gaeilge sa tsaol phoiblí.

I mBeartas Gaeilge na Roinne Geilleagair, bheirtear gealltanais phraiticiúla le tacú leis an fhís seo. Tá sé mar aidhm aige úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chosaint, agus a fheabhsú, fríd sheirbhisí atá inrochtana agus ionchuimsitheach a chinntiú. Ina measc sin, beidh: soláthar dátheangach do na seirbhísí poiblí agus do na meáin shóisialta; tacaíocht don teanga i saoráidí na Roinne; agus aitheantas don cheart atá ag an duine na seirbhísí a fháil i nGaeilge.

Leis na huaillmhianta sin a bhaint amach, beidh gá le comhoibriú leanúnach ar fud an rialtais, in éineacht le páirtithe leasmhara, agus i measc na bpobal. Trí bheith ag comhoibriú lena chéile, féadann muid a chinntiú go leanfaidh an Ghaeilge uirthi de bheith faoi bhláth, agus go bhfanfaidh sí mar chuid bhríomhar luachmhar den tsaol anseo do na glúine amach romhainn.

Why your views matter

An fáth a bhfuil do thuairimí tábhachtach

Cuireann an comhairliúchán seo deis ar fáil duit tuairim a thabhairt ar fhorbairt Dhréachtbheartas Gaeilge na Roinne Geilleagair (RG). Leagtar amach sa dréachtpholasaí na bealaí ina gcomhlíonfaidh an Roinn Geilleagair (RG) a tiomantas i leith na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (CETRM) a shainmhínítear i gComhaontú Aoine an Chéasta mar ‘ghníomh diongbháilte’ i leith na Gaeilge agus comhartha soiléir a thabhairt i leith na gcéimeanna faoi leith a thógfaidh an Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina cuid oibre féin agus chun tacú leis an phobal fhásmhar cainteoirí Gaeilge i dTuaisceart hÉireann. 

Beartas Gaeilge na Roinne Geilleagair

Closes 23 Jul 2026

Opened 29 Apr 2026

Audiences

  • Stakeholders

Interests

  • Services and programmes