Gairm ar Thuairimí: Tuarascáil Moltaí Phainéal Comhairleach Saineolaithe na Gaeilge

Closed 29 Apr 2022

Opened 7 Mar 2022

Overview

Forléargas:

Seoladh Gairm ar Thuairimí taobh le Tuarascálacha Moltaí an Phainéil Chomhairligh Saineolaithe. Cuideoidh an fhaisnéis a bailíodh le heolas a dhéanamh d’fhorbairt an dá dhréachtstraitéis nua, stiúrtha ag an Roinn Pobal:

(i)    Straitéis Theanga, Oidhreacht agus Chultúr na hUltaise; agus 

(ii)   Straitéis na Gaeilge

Tá gealltanas sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua prionsabail agus cleachtas na teagmhála, an chomhdheartha agus an chomhtháirgthe shaoránaigh agus phobail a ghlacadh i rith fhorbairt agus sholáthar an dá straitéis. Chomh maith leis sin, geallann Alt 28D den Acht um Thuaisceart Éireann (1998) an dá straitéis a fhorbairt, cuirfidh sé le agus cosnóidh sé forbairt na Gaeilge agus forbairt theanga, oidhreacht agus chultúr na hUltaise.

Bhunaigh an tAire Hargey dhá Phainéal Comhairleacha Saineolaithe chun réimse leathan taithí acadúla agus pobail a thabhairt le chéile ar mhaithe le moltaí a chur ar fáil ar chóir do na straitéisí seo dul i ngleic leo. Cuireadh na moltaí seo i láthair sa dá thuarascáil a foilsíodh taobh leis an suirbhé seo.

 

Cad é mar a roinneann tú do thuairimí

Cuireann muid fáilte roimh do thuairimí ar Thuarascálacha Moltaí na bPainéal Comhairleach Saineolaithe agus tá go leor bealaí ann le páirt a ghlacadh. Is féidir leat a oiread agus is mian leat acu seo a úsáid trí chliceáil ar na naisc ábhartha.

  • Comhlánaigh ár suirbhéanna ar líne mar dhuine den phobal (16 bliana d’aois nó níos sine). Ba chóir go dtógfadh an dá Shuirbhé Pobail ‘Gairm ar Thuairimí’ thart faoi 20-25 le comhlánú.
  • Cuir faisnéis, fianaise agus sonraí isteach ar ár bhfoirm freagartha ar líne, ina bhfuil roinnt ceisteanna maidir le gach cuid den tuarascáil. Chun é seo a chomhlánú cliceáil ar an chnaipe ‘continue’ ag bun an leathanaigh seo le do thoil. (féach an chéad leathanach eile faoi choinne na hachoimre atá leis)
  • Tá leagan Soléite den cháipéis Gairm ar Thuairimí ina bhfuil roinnt ceisteanna ar féidir leat iad a fhreagairt.

Sula bhfreagraíonn tú, ag úsáid ceann ar bith de na roghanna thuas, seans go gcuideodh sé leat an cháipéis Gairm ar Thuairimí a léamh.

 

Achoimre

Gairm ar Thuairimí ar Thuarascálacha Moltaí na bPainéal Comhairleach Saineolaithe do Straitéis na Gaeilge agus Straitéis Theanga, Oidhreacht agus Chultúr na hUltaise

Cad chuige a bhfuil an suirbhé seo á dhéanamh againn?

Ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil ar Thuarascálacha Moltaí na bPainéal Comhairleach Saineolaithe. Cuideoidh an fhaisnéis seo go mór agus úsáidfear í le cuidiú linn Straitéis na Gaeilge agus Straitéis Theanga, Oidhreacht agus Chultúr na hUltaise a fhorbairt.

Tá gach suirbhé oscailte do dhaoine atá 16 bliana d’aois nó níos sine agus tá fáilte roimh gach duine ceann amháin nó an dá cheann a chomhlánú. Dóibh siúd atá níos óige ná 16, tá muid ag iarraidh ar ár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta cainteanna sprioctha grúpaí fócais a éascú.

Go raibh maith agat as do shuim le páirt a ghlacadh sa suirbhé seo.  

 

Cad é a bheidh i gceist le mo rannpháirteachas?

Ba chóir go dtógfadh an dá shuirbhé thart faoi 15-20 le comhlánú.  Níl aon fhreagraí cearta ná míchearta ann; tabhair tuairim atá chomh hionraic agus is mian leat.

Beidh na freagairtí ar fad go hiomlán gan ainm agus ní bheidh a fhios ag duine ar bith gur ghlac tú páirt.  Ní iarrann muid ort d’ainm a thabhairt in am ar bith (ach amháin do sheoladh ríomhphoist más maith leat cóip de d’fhreagairt).  Cuirfidh muid ceist, áfach, faoi chuid de do thréithe (m.sh. aois, inscne, claonadh gnéis, eitneacht, srl.) mar cuidíonn sé linn tuairimí daoine ó réimse cúlraí déimeagrafacha a thuiscint. Is ceisteanna roghnacha iad seo, áfach, agus níl brú ar dhuine ar bith iad a fhreagairt.

 

Cad chuige a bhfuil mo thuairimí tábhachtach?

Cuideoidh do thuairimí ar Thuarascálacha Moltaí na bPainéal Comhairleach Saineolaithe linn dréachtstraitéisí a fhorbairt chun Straitéis na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint agus Straitéis Theanga, Oidhreacht agus Chultúr na hUltaise a fheabhsú agus a fhorbairt.

Beidh comhairliúchán poiblí ann ar na dréachtstraitéisí níos moille nuair a bheidh siad críochnaithe.

Moltar an cháipéis Gairm ar Thuairimí a léamh sula gcomhlánaítear an suirbhé.

To complete this questionnaire in English click here

 

Audiences

  • All stakeholders

Interests

  • Consultation